Unit 3. Gaeilge. Feachtas Pobal-bhunaithe: An Dream Dearg

THEORETICAL INTRODUCTION:

Tá feachtas an Dream Dearg ar na feachtais is aitheanta, is rathúla agus is éifeachtaí sa tír seo le blianta beaga anuas, agus é ag díriú aird áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh. Ghlac an feachtas seilbh ar cheist a bhí go hiomlán ar imeall na sochaí agus bhrúigh go croílár an díoschúrsa polaitiúil é trí léiriú ionsparáideach de ghníomhachas ag leibhéal an phobail. Spreag agus chumasaigh feachtas an Dream Dearg glúin úr de Ghaeilgeoirí chun dúshlán a thabhairt don status quo agus chun a gcearta teanga a éileamh go neamhleithscéalach uathu siúd atá i gcumhacht. I mí an Mheithimh 2022, sheas 20,000 duine leis an Dream Dearg ag an Lá Dearg, an mórshiúl is mó ó thaobh na Gaeilge de ar an oileán seo ariamh. Amharcfaidh an ceacht seo ar stair agus ar dhul chun cinn an fheachtais, mar aon leis na heachtraí a chur le heagrú an Lae Dearg 2022.

OBJECTIVES

  1. Beidh cur amach ag na daltaí ar stair agus dul chun cinn an fheachtais #AchtAnois.
  2. Beidh tuiscint níos doimhne ag daltaí ar choincheap an Achta Gaeilge
  3. Beidh na daltaí níos eolaí ar na coimitmintí polaitiúla agus idirnáisiúnta i leith na Gaeilge.
  4. Déanfaidh na daltaí forbairt ar a n-ábaltacht chun anailís criticiúil a dhéanamh.
  5. Cuirfidh na daltaí feabhas ar a scileanna cumarsáide agus eagrúcháin.
  6. Beidh na daltaí ag cur lena scileanna scríbhneoireachta agus liteartha.

METHODOLOGY

Roinnfear an ceacht seo i dtrí chuid agus beidh gníomhaíochtaí sultmhara agus suimiúla le cur i gcrích ag na daltaí bunaithe ar an fhíseán faoin Lá Dearg 2022.
Sa chéad chuid den cheacht, éascóidh an múinteoir rang iomlán, ag baint úsáide as an eochar phointe tacaíochta a thugann léargas ar stair agus ar dhul chun cinn an fheachtais #AchtAnois agus ag éascú plé/ag spreagadh ceisteanna le linn an ranga.
Nuair atá an eocharphointe críochnaithe, beidh ceisteanna/amlíne/ráitis le déanamh ag na daltaí, bunaithe ar na rudaí a d’fhoghlaim siad. Tá gach eolas maidir leis seo ar an leathanach tacaíochta.
Ansin, beidh ar na daltaí tuairisc nuachta a ullmhú agus a thaifead ón Lá Dearg 2022.

KEY COMPETENCIES

CLC. Competence in linguistic communication.
CKIPW. Competence in knowledge of and interaction with the physical world.
CAC. Cultural and artistic competence.
LTL. Learning to Learn
API. Autonomy and Personal Initiative


BIBLIOGRAPHY

An Lá Dearg, Conradh na Gaeilge, 2022
https://drive.google.com/drive/folders/1Q6TEns4hXFVq9MKcG2x59ai9XnmrNGwM

Acht Gaeilge: Ceisteanna Coitianta, Conradh na Gaeilge, 2019
https://cnag.ie/images/Acht_Gaeilge_Ceisteanna_Coitianta_FAQ_2019.pdf

Inniu an Lá Dearg ar son Chearta Teanga, Tuairisc.ie, 2022
https://tuairisc.ie/inniu-an-la-dearg-ar-son-chearta-teanga-i-mbeal-feirste/

Súil leis na mílte i mBéal Feirste don agóid is mó ar son na Gaeilge le blianta,Tuairisc.ie, 2022
https://www.dearg.ie/en/nuacht/cartlann/103751-suil-leis-na-milte


EVALUATION

• Déanfar measúnú rialta ar thuiscint agus ar fhorbairt na ndaltaí (msh ceartóidh an múinteoir an obair ar fad- botúin ghramadaí, structúrtha srl.)

• Ag deireadh an cheachta, déanfaidh an múinteoir taispeáint lámh leis na daltaí chun a dtuiscint ar an cheacht agus ar na téamaí a pléadh a mheas (ordóg suas, ordóg leath bhealaigh thuas, ordóg síos).


RESOURCES AND MATERIALS NEEDED TO COMPLETE THE UNIT

• An físeán thuas dar teideal ‘An Lá Dearg 2022’.

• An eocharphointe tacaíochta dar teideal ‘An Dream Dearg’.

• Google Classroom / ardán digiteach na scoile.

• Clár bán idirghníomhach don mhúinteoir.

• Na hachmhainní tacaíochta.

• Pinn/leabhair nótaí do na daltaí.

• Gutháin phóca don mhír nuachta a thaifead.




BASIC LEVEL

An Dream Dearg

Task 1 – Obair ranga

Rachaidh an múinteoir fríd an eocharphointe tacaíochta agus an físeán dar teideal An Lá Dearg. Beidh plé ranga agus seisiún ceisteanna ar na téamaí a tháinig chun cinn.


Task 2

Beidh 10 gceist Fíor nó Bréagach le freagairt ag na daltaí, ag baint úsáide as an ábhar atá ar an leathanach tacaíochta. Is gá dóibh ‘Fíor’ nó ‘Bréagach’ a scríobh in aice leis na ráitis agus fianaise a thabhairt lena bhfreagraí.


Task 3

Beidh 10 gceist Fíor nó Bréagach le freagairt ag na daltaí, ag baint úsáide as an ábhar atá ar an leathanach tacaíochta. Is gá dóibh ‘Fíor’ nó ‘Bréagach’ a scríobh in aice leis na ráitis agus fianaise a thabhairt lena bhfreagraí.


INTERMEDIATE LEVEL

An Dream Dearg

Task 1 – Obair ranga

Rachaidh an múinteoir fríd an eocharphointe tacaíochta agus an físeán dar teideal An Lá Dearg. Beidh plé ranga agus seisiún ceisteanna ar na téamaí a tháinig chun cinn.


Task 2

Tá ar na daltaí achoimre a dhéanamh ar na clochmhílte is suntasaí ó thaobh na Gaeilge de ó bhí 1998 ann, ag tagairt do na rudaí a d’fhoghlaim siad le linn an chur i láthair agus ag tabhairt roinnt eolais faoi gach clochmhíle a roghnaíonn siad.


Task 3

Caithfidh na daltaí ligint orthu gur tuairisceoirí nuachta iad, ag déanamh tuairisce faoin Lá Dearg 2022. Is gá dóibh scriopt a scríobh don tuairisc, ag baint úsáide as na prompts atá ar an leathanach tacaíochta. Ansin, caithfidh siad an scriopt a thaifead, mar a bheadh láithreoirí nuachta iontu, agus é a uaslódáil chuig ardán digiteach na scoile.


ADVANCED LEVEL

An Dream Dearg

Task 1 – Obair ranga

Rachaidh an múinteoir fríd an eocharphointe tacaíochta agus an físeán dar teideal An Lá Dearg. Beidh plé ranga agus seisiún ceisteanna ar na téamaí a tháinig chun cinn.


Task 2

Bronnfar 10 miotas ar na daltaí maidir leis an Ghaeilge agus Acht Gaeilge. Ní mór dóibh na miotais a bhréagnú, ag baint úsáide as a dtaithí féin agus fianaise ón chur i láthair chun tacú lena n-argóintí.


Task 3

Caithfidh na daltaí ligint orthu gur tuairisceoirí nuachta iad, ag déanamh tuairisce faoin Lá Dearg 2022. Is gá dóibh scriopt a scríobh don tuairisc, ag tabhairt léargas cuimsitheach ar eachtraí an lae, mar aon leis na rudaí a chur le heagrú an lae.
Ansin, caithfidh siad an scriopt a thaifead, mar a bheadh láithreoirí nuachta iontu, agus é a uaslódáil chuig ardán digiteach na scoile.


We want your feedback

Your opinion is important for us


CONTACT