Unit 1. Gaeilge. Saol na Ceathrún Gaeltachta

THEORETICAL INTRODUCTION:

D’ainneoin nach ndearnadh mórán de dhul chun cinn ar chearta teanga don Ghaeilge sa tuaisceart, mhair agus bhláthaigh an teanga agus tá clú agus cáil ar an fheachtas pobal-bhunaithe go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá na hiarrachtaí athbheochana le sonrú ach go háirithe i gCeathrú Ghaeltachta Iarthar Bhéal Feirste. Tá an iliomad Gaelscoileanna, cumainn óige, cumainn spóirt agus eagraíochtaí Gaeilge suite sa Cheathrú Ghaeltachta. Chun gur féidir linn leas a bhaint as an stádas ar leith atá ag an Ghaeilge sa cheantar, is gá dúinn an stair agus na daoine ceannródaíocha a tháinig romhainn a aithint agus a cheiliúradh.

OBJECTIVES

  1. Go mbeadh daltaí níos eolaí ar stair na Ceathrún Gaeltachta.
  2. Go mbeadh tuiscint níos leithne ag daltaí ar dheiseanna sóisialta sa Cheathrú Ghaeltachta.
  3. Go mbeadh na daltaí níos eolaí ar an fheachtas ar son chearta teanga.
  4. Go mbeadh na daltaí in ann iad féin a chur in iúl.
  5. Go ndéanfaidh na daltaí forbairt ar a gcuid scileanna cumarsáide.
  6. Go gcuirfidh na daltaí lena scileanna léitheoireachta agus lena gcuid téarmaíochta.

METHODOLOGY

Déanfar mionscrúdú ar mhórthéamaí an fhíseáin, mar atá Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Laochra Loch Lao agus an Dream Dearg. Taispeánfaidh an múinteoir na físeáin atá luaite sa leabharliosta thíos do na daltaí, mar chúlra breise don cheacht.
Brisfear an ceacht síos i dtrí chuid sna téamaí a leanas; Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Laochra Loch Lao agus an Dream Dearg. Beidh tascanna le déanamh ag na daltaí bunaithe ar na téamaí seo.

KEY COMPETENCIES

CLC. Competence in linguistic communication.
CAC. Cultural and artistic competence.
LTL. Learning to Learn
API. Autonomy and Personal Initiative


BIBLIOGRAPHY

The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe, BBC Gaeilge,
https://www.bbc.co.uk/programmes/p08630pz

Laochra Loch Lao, NVTV,
https://www.glornamona.com/spoirt/laochra-loch-lao-ar-nvtv/

Ó Líofa go Lá Dearg, NVTV,
https://www.dearg.ie/ga/fiseain

An Dream Dearg’s official website
www.dearg.ie


EVALUATION

• Déanfar measúnú rialta ar thuiscint agus ar fhorbairt na ndaltaí (msh ceartóidh an múinteoir an obair ar fad- botúin ghramadaí, structúrtha srl.)

• Ag deireadh an cheachta, déanfaidh an múinteoir taispeáint lámh leis na daltaí chun a dtuiscint ar an cheacht a mheas (ordóg suas, ordóg leath bhealaigh thuas, ordóg síos).

• Úsáidfear samplaí de gach gné den cheacht mar thaispeántas baile sa seomra ranga.


RESOURCES AND MATERIALS NEEDED TO COMPLETE THE UNIT

• Beidh na físeáin thuas de dhíth mar chúlra don cheacht.

• Tá roinnt ábhair roghnach ann a bheas mar chúlra úsáideach do na daltaí.

• Beidh an cáipéis leis an ábhar tacaíochta de dhíth chun an ceacht a threorú.

• Beidh pinn agus leabhar nótaí de dhíth ar na daltaí chun an ceacht a chur i gcrích.

• Beidh ábhar ealaíne (pinn luaidhe daite, marcóirí srl.) de dhíth do chuid #2.


BASIC LEVEL

Saol na Ceathrún Gaeltachta

Féach ar an fhíseán de Laochra Loch Lao thuas.

Cuid 1 – Gaeltacht Bhóthar Seoighe

Aithneoidh na daltaí meancóga in amlíne Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus cuirfidh siad i gceart iad. Ansin, freagróidh siad 10 gceist ar an ábhar. Tá gach eolas agus treoir clúdaithe sa cháipéis leis an ábhar tacaíochta.


Cuid 2 – Laochra Loch Lao

Dearóidh na daltaí geansaí úr dá bhfhoirne peile lán-Ghaeilge féin. Tiocfaidh siad suas le hainm agus mana don chumann i nGaeilge.


Féach ar an fhíseán Ó Líofa go Lá Dearg thuas.

Cuid 3 – An Dream Dearg

I mbeirteanna, tabharfaidh an múinteoir 5 ráiteas daoibh. Déanfaidh na daltaí plé ar na ráitis agus oibreoidh siad amach an aontaíonn sibh nó an easaontaíonn siad,bunaithe ar an eolas atá san fhíseán. Scríobhfaidh siad an ráiteas agus na fáthanna a aontaíonn nó a easaontaíonn siad leis na ráitis sna leabhair.


INTERMEDIATE LEVEL

Saol na Ceathrún Gaeltachta

Féach ar an fhíseán de Laochra Loch Lao thuas

Cuid 1 – Gaeltacht Bhóthar Seoighe

Dearóidh na daltaí a n-amlíne féin a chuireann síos ar scéal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ag baint úsáide as an stiallghreannán atá ar an leathanach leis an ábhar tacaíochta. Tá an chéad cheann déanta dóibh. Tarraingeoidh siad pictiúir agus déanfaidh siad achoimre ar cad é atá ag tarlú sa phictiúr.


Cuid 2 – Laochra Loch Lao

Dearaigh póstaer don pháipéar nuachta chun daoine a mhealladh chuig foireann peile Laochra Loch Lao. Luaigh na buntáistí a bhaineann leis an chumann agus tabhair eolas maidir leis na laethanta agus amanna a bhíonn traenáil ar siúl.


Féach ar an fhíseán Ó Líofa go Lá Dearg thuas

Cuid 3 – An Dream Dearg

Faigh páirtnéir. Is iriseoir thú agus tá tú ag dul agallamh a chur ar do pháirtnéir maidir le feachtas An Dream Dearg. Cum 6 cheist le cur ar do pháirtnéir. Tóg nótaí gairide agus iad ag caint agus ansin, déan malartú. Nuair atá na ceisteanna freagartha agaibh beirt, scríobh achoimre ar na freagraí mar a bheifeá ag scríobh in iris.


ADVANCED LEVEL

Saol na Ceathrún Gaeltachta

Féach ar an fhíseán de Laochra Loch Lao thuas

Cuid 1 – Gaeltacht Bhóthar Seoighe

Ligfidh na daltaí orthu go bhfuil siad mar dhuine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus scríobhfaidh siad litir chuig a c(h)ara ag tabhairt cuntais iontaic ar bhunú na Gaeltachta.


Cuid 2 – Laochra Loch Lao

Thug Uachtarán an Chumainn Lúthchleas Gael cuireadh duit alt a scríobh in iris mhíosúil na heagraíochta maidir leis an tábhacht a bhaineann le foirne peile lán- Ghaeilge cosúil le Laochra Loch Lao. Scríobh alt ag tabhairt léargais ar stair agus dul chun cinn an chumainn, mar aon le buntáistí agus buanna an chumainn thar na mblianta.


Féach ar an fhíseán Ó Líofa go Lá Dearg thuas

Cuid 3 – An Dream Dearg

I ngrúpaí de thriúr, cumfaidh duine éigin ráiteas díospóireachta amháin maidir leis an fheachtas ar son chearta teanga ó thuaidh. Beidh ar dhuine amháin ón bheirt atá fágtha aontú leis an ráiteas agus duine eile easaontú leis an ráiteas. Bronnfar 5 bhomaite ar an bheirt chun pointí labhartha a ullmhú. Beidh díospaireacht idir an bheirt agus roghnóidh an dalta a léigh amach an ráiteas an buaiteoir. Beidh seal ag gach duine gach ról a dhéanamh.


We want your feedback

Your opinion is important for us


CONTACT